Teksty piosenek: | A | B | C | D | E | F | G | H | I | J | K | L | M | N | O | P | Q | R | S | T | U | V | W | X | Y | Z | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 | 9 |

Tytu³: Dúlamán

  • Wykonawca: Clannad
  • Wy¶wietleñ: 342
Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach
   Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach
  
   A'níon mhín ó, sin anall na fir shúirí
   A mháithair mhín ó, cuir na roithléan go dtí mé
  
   Tá ceann buí óir ar an dúlamán gaelach
   Tá dhá chluais mhaol ar an dúlamán gaelach
  
   Rachaimid go Doire leis an dúlamán gaelach
   Is ceannóimid bróga daora ar an dúlamán gaelach
  
   Bróga breaca dubha ar an dúlamán gaelach
   Tá bearéad agus triús ar an dúlamán gaelach
  
   Ó chuir mé scéala chuici, go gceannóinn cíor dí
   'Sé an scéal a chuir sí chugam, go raibh a ceann cíortha
  
   Góide a thug na tíre thú? arsa an dúlamán gaelach
   Ag súirí le do níon, arsa an dúlamán maorach
  
   Ó cha bhfaigheann tú mo 'níon, arsa an dúlamán gaelach
   Bheul, fuadóidh mé liom í, arsa an dúlamán maorach
  
   Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach
   Dúlamán na farraige, 's é b'fhearr a bhí in Éirinn